An difríocht idir athruithe ar: "Bás"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Nuair a bhíonn deireadh le gach gníomhaíocht cheallach atá riachtanach don bheatha, buille an chroí is an riospráid, agus nach féidir na córais sin is an du...'
(No difference)

Leagan ó 18:32, 5 Lúnasa 2013

Nuair a bhíonn deireadh le gach gníomhaíocht cheallach atá riachtanach don bheatha, buille an chroí is an riospráid, agus nach féidir na córais sin is an duine a athbheochan. Níl sainmhíniú beacht buan ar an mbás, agus tagann an dlí, an mhíochaine is infhaighteacht gartharrthála is meaisíní áirithe san áireamh. Feictear an éiginnteacht seo go soiléir i gcás duine atá ar mheaisín tacaíochta beatha ar feadh i bhfad gan aon athrú chun feabhais. I dtíortha áirithe sainmhíníonn an dlí gurb ionann bás is bás na hinchinne. Sna tíortha forbartha is iad galair chorónacha croí agus ailse na cúiseanna is coitianta le bás daoine, ach i dtíortha bochta atá i mbéal forbartha, is ionfhabhtuithe (maláire, eitinn, SEIF) na cúiseanna is coitianta. Bíonn garghaol idir rátaí báis i dtír ar bith agus bochtanas, dífhostaíocht, tithíocht, oideachas is caighdeán an chóras sláinte.