An difríocht idir athruithe ar: "Báisteach aigéadach"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Báisteach, sneachta is flichshneachta a bhfuil a pH níos lú na 5.6 (a nglactar leis mar luach normálta). Déantar báisteach níos aigéadaí ná ma...'
 
added a photo
Líne 1:
[[File:Acid rain woods1.JPG|thumb|Acid rain woods]]
[[Báisteach]], [[sneachta]] is [[flichshneachta]] a bhfuil a [[pH]] níos lú na 5.6 (a nglactar leis mar luach normálta). Déantar báisteach níos aigéadaí ná mar a bheadh normálta ag déocsaíd sulfair is [[ocsaídí nítrigine]] a sceitear san [[Atmaisféar an Domhain|atmaisféar]], ag loscadh [[Breosla iontaiseach|breoslaí iontaisithe]] i bhfoirnéisí ollmhóra, stáisiúin ginte leictreachais agus innill dócháin inmheánaigh. Imoibríonn na ceimiceáin seo le [[galuisce]] san atmaisféar chun [[aigéad sulfarach]] (H<sub>2</sub>SO<sub>4</sub>) is aigéad nítriúil (HNO<sub>3</sub>) a tháirgeadh. Is féidir go dtitfidh an bháisteach aigéadach na mílte [[ciliméadar]] i gcéin ón mbunionad dóite. Níl sé cinnte go gcuireann sí isteach go díreach ar dhaoine, ach cuireann isteach go tubaisteach ar éisc is gach beo uisciúil eile. Déanann sí damáiste tubaisteach do chrainn freisin. Ó dheireadh na [[1980idí]] tá comhaontuithe idir na príomhthíortha tionsclaíocha, [[an tAontas Eorpach]], na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]] is [[an tSeapáin]], chun na hastaíochtaí tionsclaíocha is cúis léi a laghdú de réir a chéile.