An difríocht idir athruithe ar: "Abu Nuwas"
(No difference)
|
Leagan ó 22:29, 6 Lúnasa 2013
File Araibise ba ea Abū Nuwās al-Ḥasan ibn Hānī al-Ḥakamī' (756–814814),a nóAbū Nuwās mar is fearr aithne air[1] (Araibis: ابو نواس; Peirsis: ابو نواس, Abū Novās). Scríobh sé cuid dá dhánta as Peirsis freisin. Rugadh Abu Nuwas i gcathair Ahvaz in Impireacht na Peirse. Arabach ba ea a athair Hānī, a bhí ina saighdiúir in arm Marwan II. Peirseach ba ea a mháthair.[1] Golban an t-ainm a bhí uirthi agus fíodóir a bhí inti. Bhog sé go Baghdad agus is ann a bhain a fhilíocht clú amach. Bhí sé in ainm a bheith ar an bhfile is mó i gcríocha na Muslamach. Bhí tionchar mór aige ar go leor de na scríobhneoirí a tháinig ina dhiadh, mar shampla Omar Khayyám agus Hafiz. Tá tagairtí d'Abu Nuwas sna hOícheanta Arabacha, agus i scéalta eile, ní hamháin ina réigiún dúchais ach i gcultúr Svahaílise na hAfraice Thoir freisin. Ainmníodh go leor áiteanna i mBaghdad in ómós dó, agus sa bhliain 1976 tugadh ainm Abu Nuwas ar chráitéar ar Mhearcair.[2]
Leabharliosta
- Kennedy, Philip F. (1997). "The Wine Song in Classical Arabic Poetry: Abu Nuwas and the Literary Tradition". Open University Press.
- Kennedy, Philip F. (2005). "Abu Nuwas: A Genius of Poetry". OneWorld Press.
- Lacy, Norris J. (1989). "Poetics of Love in the Middle Ages": 95–118. George Mason University Press.
- Frye, Richard Nelson. "The Golden Age of Persia".
- "Abu Nuwas" . Encyclopædia Britannica.
Notes
References
- ↑ 1.0 1.1 Garzanti
- ↑ Abu Nuwas (crater)
- ↑ Garzanti, Aldo (1974). "Enciclopedia Garzanti della letteratura". Milan: Garzanti.
- ↑ Straley, Dona S. (2004). "The undergraduate's companion to Arab writers and their web sites". Libraries Unlimited. ISBN 978-1-59158-118-5.
Naisc