An difríocht idir athruithe ar: "Abu Nuwas"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'File Araibise ba ea '''Abū Nuwās al-Ḥasan ibn Hānī al-Ḥakamī''' (756814814),<sup id="fn_a_back">a</sup> nó''Abū Nuwās''' mar is fea...'
 
No edit summary
Líne 1:
File [[Araibis]]e ba ea '''Abū Nuwās al-Ḥasan ibn Hānī al-Ḥakamī''' ([[756]]–[[814814814]]),<sup id="fn_a_back">[[#fn a|a]]</sup> nó ''Abū Nuwās''' mar is fearr aithne air<ref name="Gp2">[[#GA|Garzanti]]</ref> ({{lang-ar|ابو نواس}}; {{lang-fa|ابو نواس}}, ''Abū Novās''). Scríobh sé cuid dá dhánta as [[Peirsis]] freisin. Rugadh Abu Nuwas i gcathair [[Ahvaz]] in [[Impireacht na Peirse]]. Arabach ba ea a athair Hānī, a bhí ina saighdiúir in arm [[Marwan II]]. Peirseach ba ea a mháthair.<ref name="Gp2"/> Golban an t-ainm a bhí uirthi agus fíodóir a bhí inti. Bhog sé go [[Baghdad]] agus is ann a bhain a fhilíocht clú amach. Bhí sé in ainm a bheith ar an bhfile is mó i gcríocha na Muslamach. Bhí tionchar mór aige ar go leor de na scríobhneoirí a tháinig ina dhiadh, mar shampla [[Omar Khayyám]] agus [[Hafez|Hafiz]]. Tá tagairtí d'Abu Nuwas sna h''[[Oícheanta Arabacha]]'', agus i scéalta eile, ní hamháin ina réigiún dúchais ach i gcultúr [[Svahaílis]]e na hAfraice Thoir freisin. Ainmníodh go leor áiteanna i mBaghdad in ómós dó, agus sa bhliain 1976 tugadh ainm Abu Nuwas ar chráitéar ar [[Mearcair (pláinéad)|Mhearcair]].<ref>[[Abu Nuwas (crater)]]</ref>