An difríocht idir athruithe ar: "Inis Iocht"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 65 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q9679 (translate me)
No edit summary
Líne 4:
Tá stair shaibhir ilghnéitheach ag Inis Iocht. Ríocht neamhspleách a bhí ann ar feadh tamaillín sa chúigiú haois déag. Bhí cónaí ar an bhfile Alfred Lord Tennyson ansin, agus chaith an Bhainríon Victeoiria féin deireadh a saoil in Osborne House, an teach saoire a bhí aici in Inis Iocht. Áit mhór tógála bád a bhí in Inis Iocht riamh, ach, de bharr na forbartha teicneolaíochta, tógadh eitleáin uisce san oileán freisin, chomh maith leis an gcéad sciorrárthach (árthach foluaineach) i stair an chine dhaonna.
 
Ba chuid de Chontae Hampshire í go dtí an bhliain 1890, agus tá canúint an oileáin an-chosúil le canúint tuaithe Hampshire, cé go bhfuil cuid mhaith focal dá gcuid féin ag muintir Inis Iocht. Bhí 132,731 duine ina gcónaí san oileán sa bhliain 2001, agus aon duine amháin ag déanamh feisireachta dóibh i bparlaimint Westminster - rud a chiallaíonn gur í Inis Iocht í an toghcheantar is mó sa tír.
 
San úrscéal ficsin eolaíochta ''The Day of the Triffids'' le [[John Wyndham]], shocraigh iarmharáin na holltubaiste domhanda in Inis Iocht sa deireadh, le coilíneacht dá gcuid féin a bhunú ansin.