An difríocht idir athruithe ar: "Bodhaire"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Neamhábaltacht nó ábaltacht laghdaithe fuaimeanna seachtracha a aireachtáil. Tarlaíonn bodhaire sheolta nuair a bhíonn bac ar tharchur na fuaime ar feadh an chan...'
 
cata7pic
Líne 1:
[[Íomhá:International Symbol for Deafness.jpg|200px|mionsamhail|deas|Siombal idirnáisiúnta don bhodhaire]]
Neamhábaltacht nó ábaltacht laghdaithe fuaimeanna seachtracha a aireachtáil. Tarlaíonn bodhaire sheolta nuair a bhíonn bac ar tharchur na fuaime ar feadh an chanáil sheachtrach cloisteála (mar gheall ar chéir sa [[Cluas|chluas]]), nó de bharr mínormáltachtaí i [[Tiompán|dtiompán]] na cluaise nó cnámhóga na cluaise láir (mar gheall ar [[ionfhabhtú]]). Muna féidir le duine a bhfuil bodhaire sheolta air fuaim a aireachtáil, cloisfidh sé an fhuaim má aimplítear a dhóthain í. Tarlaíonn bodhaire chéadfainéarógach má bhíonn damáiste déanta don chochla, an néaróg aireachtála nó na láir aireachtála san [[inchinn]]. Sa chás seo is minic a bhíonn an laghdú san aireachtáil éagothrom ag gach [[minicíocht]], agus nuair a aimplítear fuaim is minic a bhíonn sí díchumtha. Is féidir go dtarlóidh an bhodhaire seo mar thoradh ar dhrugaí áirithe, nochtadh iomarcach do thorann tionsclaíoch nó eile, nó mar phróiseas normálta aoisithe.
 
{{Fréamh an Eolais}}
{{síol}}
 
[[Catagóir:Bodhaire| ]]
[[Catagóir:Míchumas]]
[[Catagóir:Neamhoird]]