An difríocht idir athruithe ar: "Brífít"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Roinn plandaí neamhfheadánacha a bheireann spóir, a chuimsíonn os cionn 25,000 speiceas, ina measc caonach, aelus is cornlach. Cealla seoltacha a...'
 
No edit summary
Líne 1:
Roinn [[Planda|plandaí]] neamhfheadánacha a bheireann spóir, a chuimsíonn os cionn 25,000 [[speiceas]], ina measc [[caonach]], aelus is cornlach. Cealla seoltacha acu gan aon fhíorfhíochán feadánach. Riosóidigh acu, fiafháis cosúil le snáithí, a cheanglaíonn an planda síos is a sheolann uisce don phlanda, ach nach fréamhacha iad. Má bhíonn [[Duilleog|duilleoga]] orthu ní bhíonn iontu ach tiús cille amháin, agus tiús beagán níos mó sa dual lárnach. Is í an phríomhghlúin ná an [[Gaiméitifít|ghaiméitifít]], tallas nó planda beag duilleogach. Táirgtear gaiméití fireanna (antairidiamaí) is baineanna (arcagóiniamaí), agus iompraítear iad go díreach ar dhromchla an phlanda nó strúchtúir choimpléascacha ingearacha ar ghais mhaothanacha. Is é a bhíonn sa ghlúin spóraifíteach ghearrthéarmach ná spórchochall fadghasach a fhásann díreach suas ón [[arcagóiniam]] toirchithe. Tarlaíonn [[atáirgeadh]] neamhghnéasach freisin trí gheimí, filiméid ilcheallacha a tháirgtear i gcupáin ar leith ar fhoircinn duilleog nó gais ar leith, agus is féidir leo seo fás ina phlanda nua neamhspleách, díreach mar a dhéanann bleibeanna ó phlandaí bláfara. Plandaí tíre den chuid is mó is ea na brífítí, go minic eipifíteach (ag fás ar phlanda eile, cé nach seadán é). Bíonn siad an-íogair don triomú, agus is gá uisce chun na gaiméití a chur le chéile san atáirgeadh gnéasach, agus mar sin, bíonn siad teorannaithe do ghnáthóga taise nó fliucha. Glactar leis go forleathan gur plandaí tábhachtacha táscaire íad maidir le [[truailliú]] aeir, uisce is talún.
 
== Aicmiú Bhriaifítí ==
Ní grúpa monaifhíliginiteach atá sna briaifítí ach tá trí grúpa ann, na
''Marchantiophyta'', ''Anthocerotophyta'', agus ''Bryophyta''.
[[Íomhá:Bryo_cladogram.jpg|556px|center]]
{{-}}
==== Rangú na Bryophyta ====
* Aelusanna
* Caonaigh
 
 
 
{{Fréamh an Eolais}}
{{síol}}
 
[[Catagóir:Plandaí]]