An difríocht idir athruithe ar: "An Libia"

1 byte removed ,  7 mbliana ó shin
m
no edit summary
m
Is tír san [[an Afraic|Afraic]] í '''an Libia'''. Is í [[Tripilí]] an phríomhchathair. Is iar-choilíneacht de chuid [[An Iodáil|na hIodáile]] í, suite idir [[an Éigipt]] agus [[an Túinéis]] agus teorainneacha aici chomh maith leis [[an Nígir]], [[an tSúdáin]], agus [[Sead]]. Tír mhór í, 1,759,540 ciliméadar cearnach, agus níl cuid ar bith di faoi uisce. Aeráid Mheánmharach atá fán chósta, ach is fásach te tirim lom atá sa mhórchuid den tír. Le blianta anuas tá Tionscadal na hAbhann Móire ar bun chun uisce atá faoi thalamh sa [[An Sahára|Sahára]] a thabhairt go cathracha an chósta, an tionscadal uisce is mó sa domhan ach tá an fásach ag méadú i gcónaí.
 
I ndiaidh do mhórchumhachtaí na h[[Eorpa]] ruathar a dhéanamh ar an Afraic sa [[19ú haois|naoú haois déag]], agus coilíneachtaí a dhéanamh d'fhórmhór na hilchríche, ghabh an Iodáil seilbh ar an Libia i [[1911]]. Bronnadh neamhspleáchas uirthi faoi dheireadh i mí na Nollag [[1951]] agus bhí rí i gceannas na tíre ar feadh tamaill go dtí gur éirigh an t-arm amach ina choinne faoin gCornal [[Gaddafi]], an té atá i gceannas i Libia ó Mheán Fómhair [[1969]]. Córas ina raibh meascán den sóisialachas agus de dhlí traidisiúnta Arabach a bhunaigh Gaddafi ina bhfuilraibh an pobal in ainm iad féin a rialadh, ach go praiticiúil is deachtóireacht mhíleata atá sa Libia, agus thug an ceannaire tacaíocht do naimhde [[Iosrael|Iosraeil]], [[SAM|Mheiriceá]] agus na [[An Bhreatain|Breataine]] ó tháinig sé i gcumhacht. Rinne sé ionsaithe chomh maith ar Sead ar mhaithe le seibh a fháil ar mhianaigh luachmhara sa tír sin, agus theastaigh uaidh tíortha Arabacha na hAfraice a aontú le chéile faoina cheannas féin. Chuir sé an-chuid armlóin ar fáil don [[IRA]] in [[Éirinn]], mar shampla, agus ciontaíodh gníomhairí dá chuid as an ionsaí ar eitleán paisinéirí Meiriceánach os cionn Lockerbie na h[[Alba]]n sa bhliain [[1992]]. D'admhaigh an Libia sa bhliain [[2003]] go raibh iarracht á dhéanamh airm núicléacha a dhéanamh le cabhair ó eolaithe na [[An Phacastáin|Pacastáine]], ach i nidiadh deireadh a bheith curtha leis an tionscnamh sin bhí gaol níos fearr aici le tíortha an Iarthair.
 
Sa bhliain 2011, mar chuid den [[An tEarrach Arabach|Earrach Arabach]], thosaigh éirí amach sa Libia i gcoinne réimeas Gaddafi. D'eisigh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta barántas gafa ar Gadaffi agus, faoi cheannasaíocht na [[Ríochta Aontaithe]] agus [[Frainc]]e, thug roinnt tíortha cúnamh do na reibiliúnaigh Libiacha. Ar 22 Mí Lúnasa 2011 rinne na reibiliúnaigh a mbealach isteach sa phríomhchathair agus an lá ina dhiaidh sin bhris siad isteach i ndaingean Gaddafi sa chathair chéanna. D'éalaigh sé go dtí an chathair Sirte. Maraíodh ansin é ar 20 Deireadh Fómhair 2011. Tá an chuid is mo den tír faoi smacht an Chomhairle Idirthréimhseach Náisiunta de chuid na reibiliúnach.
1,548

edits