An difríocht idir athruithe ar: "Bunús na Cruinne"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Is í an tsamhail is coitianta anois gur phléasc ábhar is fuinneamh uile na Cruinne, a bhí cruinnithe i bponcstaid fhíordhlúth fhíorthe, in ...'
 
mNo edit summary
Líne 1:
Is í an tsamhail is coitianta anois gur phléasc ábhar is [[fuinneamh]] uile na [[An Chruinne|Cruinne]], a bhí cruinnithe i bponcstaid fhíordhlúth fhíorthe, in [[ollphléasc]] timpeall 20,000 milliún bliain ó shin. Ina dhiaidh sin, le linn d'ábhar na Cruinne a bheith ag forleathnú amach ón mbunphointe, tháthaigh na [[Réalta|réaltaí]] as scamaill hidrigine is [[héiliam]], théigh siad sa táthú is thosaigh ag comhleá, go mór mór ina gcroíleacáin. Le himeacht ama, phléasc cuid de na réaltaí chun scamaill nua a chumadh is an bunábhar do réaltaí nua a sholáthar. Bhailigh na réaltaí ina mbraislí ar a dtugtar ''réaltraí''. Tá fós an-chuid ábhair, gáis, deannaigh is réad de gach méid amuigh sa spás i mbun an bhunfhorleathnaithe ach faoi fheidhmiú ag fórsaí imtharraingthe na reann mór eile. Is réalta í ár [[An Ghrian|nGrian]] de chuid [[Bealach na Bó Finne]], [[réaltra]] ina bhfuil na mílte milliún realtaíréaltaí eile. Is iad na príomhfhianaisí go bhfuil an Chruinne á forleathnú an t-am ar fad ná an [[radaíocht]] chúlra mhicreathonnach chosmach, agus [[deargaistriú]] an [[Solas|tsolais]] a ghlacaimíd ó na réaltraí a bhfuil staidéar déanta orthu. [[Edwin Hubble]] a thairg an tsamhail seo i [[1929]].
 
{{Fréamh an Eolais}}