An difríocht idir athruithe ar: "Cabhlach cogaidh"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Brainse de na fórsaí armtha a bhíonn i mbun cogaíochta is cosaint loingis ar an bhfarraige. Tábhachtach leis na cianta. Mar shampla, an bua cinni...'
(No difference)

Leagan ó 17:57, 12 Lúnasa 2013

Brainse de na fórsaí armtha a bhíonn i mbun cogaíochta is cosaint loingis ar an bhfarraige. Tábhachtach leis na cianta. Mar shampla, an bua cinniúnach a bhí ag na Gréagaigh i 480 RC a chloígh ionradh na bPeirseach, ba i gcath muirí é sin. Sa 10ú céad bhí cabhlach 50,000 fear le longa armtha cogaidh ag impireacht na Síne. Ról an-mhór ag cabhlaigh sna cogaí domhanda le fomhuireáin, iompróirí aerárthach is soithigh dhébheathacha, chomh maith le longa éagsúla cogaidh. Ó lár an 20ú céad tá dualgais breise ar chabhlaigh maidir le cosc núicléach, fomhuireáin chun diúracáin bhailistíocha a lainseáil, agus fomhuireáin núicléacha.