An difríocht idir athruithe ar: "An Iarannaois"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le ''Séard atá i gceist leis an '''Iarannaois''' ná an staid i bhforbairt aon dreama a d’úsáideadh an-chuid uirlisí agus arm arbh é an t-iarann an phríomh-chomhch...'
(No difference)

Leagan ó 18:50, 15 Lúnasa 2013

'Séard atá i gceist leis an Iarannaois ná an staid i bhforbairt aon dreama a d’úsáideadh an-chuid uirlisí agus arm arbh é an t-iarann an phríomh-chomhchuid iontu. Is í an Iarannaois an tréimhse tar éis na Clochaoise agus na Cré-Umhaoise i gcóras Christian Thornsen. I réigiúin áirithe, mar shampla oileáin an Aigéin Chiúin Theas, tháinig an Iarannaois i ndiaidh na Clochaoise gan aon Chré-umhaois eartarthu. Is minic a tharla go leor athruithe eile sa tsochaí i gcomhthráth le hiarann a bheith á glacadh mar ábhar déanta uirlisí, lena n-áirítear athruithe ar chleachtais talmhaíochta, ar chreidimh reiligiúnda agus ar stíleanna ealaíne. Tháinig an aibitir ar an bhfód san Iarannaois.