An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh na Saoirse (Éire)"

Content deleted Content added
m Ag baint Portrait_of_Micheál_Ó_Coileáin_by_Leo_Whelan.jpg amach, scrios AFBorchert é ón Chómhaoin mar: Copyright violation: This is a c...
Líne 33:
 
== Mícheál Ó Coileáin agus an tIRA ==
 
[[Íomhá:Portrait_of_Micheál_Ó_Coileáin_by_Leo_Whelan.jpg|thumb|200px|right|'''Mícheál Ó Coileáin''', mar phríomh-cheannfort an airm ag sochraid [[Art Ó Gríofa|Airt Uí Ghríofa]], seachtain amháin roimh a bhás féin.]]
 
B'é [[Mícheál Ó Coileáin]] an duine ba mhó a rinne le heagraíocht cheart mhíleata a dhéanamh den IRA. Bhí sé in ainm is a bheith ina Aire Airgeadais i Rialtas sealadach na Poblachta, ach b'ar cúrsaí airgeadais na nÓglach ba mhó a bhí a aire, agus é ag bailiú idir ghléasra cogaidh agus airgead don ghluaiseacht. Bhíodh an-lámh aige i roghnú na n-oifigeach fosta. Bhí an-intleacht aige, agus é in ann an éirim seo a chur i bhfeidhm ar chúrsaí na nÓglach go héifeachtach, rud a d'fhág cuid mhaith daoine faoina dhraíocht. Chuir sé bun le gréasán spiaireachta i measc na bpéas, agus d'éirigh leis cuid mhaith den riarachán Sasanach a insíothlú lena chuid spiairí. Bhunaigh an Coileánach, fosta, an "Scuad", a bhí dírithe ar ghníomhairí de chuid na "Ranna G" a fheallmharú. Is é an rud a bhí i gceist leis an "[[Roinn G]]" ná roinn pholaitiúil na bpéas i mBaile Átha Cliath. Bhí an-fhuath ag na hÓglaigh ar an roinn seo, nó is é an cineál oibre a bhí idir lámhaibh ag an Roinn ná baill den ghluaiseacht Phoblachtach a aithint, a nochtadh agus a chimiú. Tugadh an rogha dá lán acu, áfach, éirí as a gcuid oibre agus Éire a thréigean, agus is iomaí duine acu arbh fhearr leis an dara rogha seo ná bás a fháil.