An difríocht idir athruithe ar: "Coinséartó"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Píosa ceoil a chumtar i gcomhair gléas aonair amháin (nó uaireanta níos mó) is ceolfhoirne. Ba choinséartónna móra na samplaí is luaithe, cosúil le saothair ...'
 
m naisc
Líne 1:
Píosa [[Ceol|ceoil]] a chumtar i gcomhair gléas aonair amháin (nó uaireanta níos mó) is ceolfhoirne. Ba choinséartónna móra na samplaí is luaithe, cosúil le saothair Corelli sna [[1680í|1680idí]], ag cur dhá ghrúpa gléasanna éagothroma i [[Codarsnacht|gcodarsnacht]]. Mar seo a bhí na coinséartónna luatha le Vivaldi thar éinne eile, agus ghlac [[Johann Sebastian Bach|Bach]] a fhoirm trí-ghluaiseachta siúd (tapa-mall-tapa) chuige féin. Ba é sin an caighdeán i gcoinséartónna [[Wolfgang Amadeus Mozart|Mozart]] is [[Ludwig van Beethoven|Beethoven]] freisin. Agus an bhéim ar rímháistrí uirlise sa [[19ú haois|19ú céad]], chum Liszt, Brahms, Tchaikovsky is Rachmaninov coinséartónna fíordheacra pianó is [[veidhlín]] nárbh fhéidir ach le rímháistrí a sheinm. Sa [[20ú haois|20ú céad]] i gcoinséartónna cumadóirí cosúil le Bloch is Stravinsky, cumadh páirteanna na n-aonréadaithe comhionann le páirteanna na ceolfhoirne, agus dhruid cumadóirí eile, cosúil le Bartók is Kodály, níos gaire fós do choinséartónna ina seinntear gléasanna na ceolfhoirne mar ghléasanna aonair ó am go chéile.
 
{{Fréamh an Eolais}}