An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh Cathartha na hÉireann"

Content deleted Content added
Replace image with alt (previous deleted from Commons)
Líne 80:
 
=== An Cogadh faoin Tuath ===
[[File:Armoured Car, Passage West, Cork (6652701421).jpg|thumb|Carr armúrtha i gContae Chorcaí i rith an chogaidh]]
 
Bhí na cathracha gafa ag an Saorstát anois, ach ina dhiaidh sin féin, bhí na frith-Chonraitheoirí ar fud na tuaithe i gcuid nár bheag den tír, agus iad ag cur treallchogaíochta. Bhí trúpaí frith-Chonartha in ann an-troid a chur in Iarthar Chontae Chorcaí agus Chontae Chiarraí, chomh maith le [[Contae Phort Láirge]], Contae Mhaigh Eo agus [[Contae Shligigh]]. Cuireadh cathanna timpeall ar [[Dún Dealgan|Dhún Dealgan]] fosta, agus [[Proinsias Mac Aodhagáin]] i gceannas ar na Poblachtánaigh ansin. Ar dtús, b'fhearr leis an Aodhagánach fanacht neodrach i leith an dá thaobh sa chogadh, ach nuair a chaith na Saorstátairí i dtóin an phríosúin i n[[Dún Dealgan]] é, d'éalaigh sé agus a chuid fear as an ngéibheann agus d'imir siad díoltas ar na Státairí, agus iad ag cur treallchogaíochta orthu in aice leis an teorainn nua idir an Saorstát agus na Sé Chontae.