An difríocht idir athruithe ar: "1. Fußballclub Union Berlin"

m
no edit summary
(éadaí an séasúir seo)
m
Imríonn an fhoireann a gcuid cluichí sa [[staid]] "An der Alten Försterei" (21,717 duine faoi láthair) in oirdheisceart Bheirlín. I séasúr 2008/09, nuathógtar cuid mhór den staid ag na céadta (timpeall 2,000) de lucht leanúna iad féin (gan aon phá) chun í a chur in oiriúint don lá inniu agus do na rialacha [[DFB]] um staideanna sa Ghearmáin. Dá bhrí seo, chaithfeadh Union a gcuid cluichí baile 2008/09 a imirt i staid ''Friedrich-Ludwig-Jahn-Sportpark'' i gceantar [[Prenzlauer Berg]] de Bheirlín. Nua-osclaíodh staid ''An der Alten Försterei'' ar an [[8 Iúil]] [[2009]] le cluiche cairdeachais in aghaidh [[Hertha BSC]]. Sa séasúr seo chugainn, nuathógfar an príomhfhoirgneamh leis an bpríomhardán (suite) gan na cluichí rialta a bhriseadh.
 
Tar éis ceannchluiche um chorn [[DFB-Pokal]] [[2000]]/[[2001|01]] a imirt in aghaidh [[Schalke 04]] (0:2) bhí foireann na bhfear i dteideal chun páirt a ghlacadh i gcomórtas [[UEFA]] sa bhliain [[2001]]/[[2002|02]] agus shroich siad an dara babhta. Imríonn Union sa dara sraith sacair na Gearmáine (''[[Zweite Bundesliga]]''), tar éis an séasúr [[2008]]/[[2009]] a chríochnú mar an chéad sheaimpín ariamh na 3ú sraith Ghearmánach, a bhí nuabhunaithe i samhra 2008. Chríochnaigh siad an chéad séasúr dá gcuid faoi láthair sa dara sraith (.i. 2009/10) ar an 12ú háit (as 18). Sna séasúir ina dhiaidh sin shroich siad an 11ú, an 7ú agus arís an 7ú háit. Idir an dá linn nuathógtár ceathrú ardán na staide a bhfuil beagnach gach suíochán ar fad air. Tá an staid réite anois le haghaidh níos mó na 21,700 duine (3,807 suíochán, 17,910 seasamh).
 
[[Íomhá:Union Spiel 01.jpg|thumb|right|280px|Stadion an der Alten Försterei, [[Beirlín]], sular nuathógadh í]]