[[An Astráil|Astralaí]] is lia a rugadh i [[Londain]] ab ea '''Nicholas Culpeper''' ([[1616]]-[[1654]]). I [[1649]] d'fhoilsigh sé an chéad [[aistriúchán]] Béarla ar Pharmocopoeia Choláiste na Lianna i Londain, lámhleabhar údarásach na ndrugaí ceadaithe, a dtréithe, a n-úsáidí, a bhfo-iarsmaí, a n-ullmhúcháin is a ndáileoga molta: ''A Physical Directory'' (Eolaí Fisiciúil) a thug sé air. I [[1652]] d'fhoilsigh sé ''The English Physician'' (An Lia Sasanach) agus i [[1653]] ''The Complete Herbal'' (An Leabhar Críochnúil Luibheolaíochta).