An difríocht idir athruithe ar: "Damba"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Bac, déanta as carraigeacha, cré, coincréit, saoirseacht cloiche, chun srian a choimeád ar uisce. De ghnáth déanann sé gnó eile freisin, mar shampla, cumh...'
 
No edit summary
Líne 1:
Bac, déanta as carraigeacha, [[cré]], [[coincréit]], saoirseacht cloiche, chun srian a choimeád ar uisce. De ghnáth déanann sé gnó eile freisin, mar shampla, [[cumhacht]] do ghineadóir hidrileictreach, uisciú, tuilte a smachtú. Más damba carraigeacha is cré é, ní mór an [[dromchla]] in aghaidh an tsrutha a dhéanamh díonach ar uisce. Is féidir le damba coincréite a bheith ina dhamba domhantarraingthe (seasann brú an uisce lena [[Meáchan|mheáchan]] amháin) nó ina dhamba aonstuach nó ilstuach. Cuirtear damba aonstuach i [[Cainneon|gcainneon]] caol le ballaí carraigeacha, agus seasann na ballaí seo an brú ar aghaidh srutha an damba. I ndamba ilstuach, úsáidtear tacaí taobh thiar de chun an brú ollmhór a sheasamh. Sa [[An tSín|tSín]] a bhí na dambaí is seanda atá ar an taifead, ón 6ú céad RC. Samplaí nua-aoiseacha is ea Damba Ard Aswān san [[An Éigipt|Éigipt]], [[Damba an Grand Coulee]] i [[Washington]], [[Damba Hoover]] in [[Arizona]], agus Damba Mór na Síne.
 
{{Fréamh an Eolais}}