An difríocht idir athruithe ar: "Gráinne Ní Mháille"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 13 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q262705 (translate me)
Líne 5:
 
== A saol ==
Rugadh Gráinne sa bhliain [[1530]] i nDún Bhéal an Chláir, [[Contae Mhaigh Eo|Co. Mhaigh Eo]]. Ba iníon í le Mairéad agus Dúdarach Ó Máille, taoiseach na Máilleach. Timpeall na bliana [[1544]], phós sí Dónall an Chogaidh Ó Flaithearta, a raibh cuid mhaith de chósta thiar theas [[Conamara|Chonamara]] faoina cheannas. Agus Gráinne Mhaol i mBun Abhann, príomhbhaile Dhónall an Chogaidh, chuir sí loingeas mór le chéile agus ghearradh sí cáin ar na longa a bhíodh ag teacht isteach i g[[Cuan na Gaillimhe]] chun trádála leis an gcathair. Sa bhliain [[1565]], mharaigh na Seoighigh, naimhde na bhFlaitheartach, Dónall an Chogaidh, agus ghlac mic Ghráinne ceannas ar thailte a n-athar. D'fhillPhill Gráinne ar thailte a hathar féin ar chósta Chuan Mó, agus phós sí Risteard Búrc an bhliain dár gcionn, [[1566]]. In [[1577]] gabhadh Gráinne fad is a bhí sí ag foghlaíocht ar Chósta na [[Cúige Mumhan|Mumhan]]. Cuireadh go [[Baile Átha Cliath]] í, áit ar coinníodh ar feadh dhá bhliain í sular ligeadh saor í. I [[1593]], chuaigh sí go [[Londain]] chun breathnadh ar [[Eilís I Shasana|Eilís I]], banríon le banríon. Ba in [[oileán Cléire]] in iarthar [[Cuan Mó]] a bhí a baile. Bhí caisleán mór eile aici in [[Acaill]]. Fuair Gráinne bás sa mbliain [[1603]].
 
De réir an tseanchais, tugadh "Maol" uirthi mar leasainm toisc gur bhearr sí a cuid foilt ar fad dá ceann chun a bheith in ann dul amach ar an bhfarraige leis na fir--ní raibh athair Ghráinne sásta ligint do bhean teacht ar an mbád agus, mar gheall air sin, bhearr Gráinne a gruaig chun a bheith cosúil le fear. Nuair a chonaic a hathair a cloigeann maol, ligeadh isteach sa mbád í.