An difríocht idir athruithe ar: "Dé-óid"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Feiste leictreonach leathsheoltóra a bhfuil dhá theirminéal uirthi. Seolann sí sruth leictreach go héasca i dtreo amháin, ar a dtugtar ''an treo tul-laofa'', ...'
(No difference)

Leagan ó 22:32, 4 Meán Fómhair 2013

Feiste leictreonach leathsheoltóra a bhfuil dhá theirminéal uirthi. Seolann sí sruth leictreach go héasca i dtreo amháin, ar a dtugtar an treo tul-laofa, agus ní ligeann aon sruth ach ar éigin tríthi sa treo eile, ar a dtugtar an treo cúl-laofa. Úsáidtear dé-óidí mar choigeartóirí chun sruth díreach (SD) a fháil ó shruth ailtéarnach (SA), agus mar bhrathadóirí solais mar is amhlaidh a ritheann sruth cúl-laofa de réir cumhacht an tsolais a thiteann ar an bhfeiste. Tá saghas dé-óide ar leith ann a chruthaíonn voltas trasna uirthi nuair a thul-laobhtar í, agus tugtar dé-óid fhótavoltach uirthi seo. Is gléasanna den saghas seo iad na griancheallraí a úsáidtear i spásárthaigh chun leictreachas a sholáthar, agus ar Domhan chun cumhacht leictreach a ghiniúint ó theasradaíocht na Gréine. Tá saghas dé-óide eile ann a astaíonn solas nuair a ritear sruth leictreach chun tosaigh sa tultreo trasna uirthi. Sa bhfeidhmiú seo, tugtar dé-óid sholasastaitheach (DSA) ar an ngléas.