An difríocht idir athruithe ar: "Rainer Maria Rilke"

file agus scríbhneoir Ostarach (1875–1926)
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'File Gearmáinise ón Ostair ab ea '''Rainer Maria Rilke''' (fíorainm: ''René Karl Wilhelm Johann Josef Maria Rilke''). Rugadh i bPrág i nDémhonarcacht na hOstaire ...'
(No difference)

Leagan ó 15:14, 6 Meán Fómhair 2013

File Gearmáinise ón Ostair ab ea Rainer Maria Rilke (fíorainm: René Karl Wilhelm Johann Josef Maria Rilke). Rugadh i bPrág i nDémhonarcacht na hOstaire agus na hUngáire ar an 4 Nollaig 1875 agus shíothlaigh sé i dteach téarnaimh Valmont in aice le Montreux san Eilvéis ar an 29 Nollaig 1926. Is iad na dánta liriciúla an chuid is tábhachtaí dár chum sé, ach thairis sin tháinig prós, aistí agus a lán litreach óna pheann. Tríd is tríd tá sé ar scríbhneoirí móra na Gearmáinise.

A Shaol

Oifigeach airm a bhí in athair René, Josef Rilke (1838-1906), ar dtús, ach nuair a saolaíodh an leanbh, bhí an t-athair tar éis éirí as an gceird mhíleata cheana féin, agus é ag obair don iarnród. Maidir le máthair an bhuachalla, Sophie "Phia" Entz, bean uaillmhianach a bhí inti a tógadh i dteaghlach saibhir, agus naoi mbliana i ndiaidh do René teacht chun saoil thit an pósadh as a chéile. Bhí Phia trí chéile ar fad ag bás a céad linbh aon bhliain déag roimh bhreith an mhic, agus rinne sí iarracht René a thógáil mar a bheadh cailín ann: chuireadh sí sciortaí air agus d'fhágadh sí a chuid gruaige gan bearradh. "Athbhreith" is brí leis an ainm Fraincise "René" féin, is é sin, athbhreith an chéad linbh.

Theastaigh ó na tuismitheoirí go rachadh René le ceird an oifigigh airm, agus sa bhliain 1885 chuaigh sé ar acadamh míleata i Sankt Pölten, Íochtar na hOstaire. Níor thaitin saol an tsaighdiúra leis an ábhar ealaíontóra, agus sa bhliain 1891 d'éirigh sé as an scoil. Ansin thosaigh sé ag freastal ar scoil trádála i Linz, Uachtar na hOstaire, ach ansin bhí scéal grá nó cumann craicinn aige le cailín aimsire a bhí cúpla bliain ní ba shine ná é féin. Sna blianta 1892-1895 bhí sé á theagasc go príobháideach lena ullmhú don Ardteistiméireacht, nó Matura. Bhain sé amach an teastas seo agus chuaigh sé ag staidéar stair ealaíon, litríocht agus fealsúnacht. Níor mhair sé ansin ach bliain sula ndeachaigh sé le dlí mar ábhar staidéir.

Sa bhliain 1897 casadh Lou Andreas-Salome air i München. Scríbhneoir mná ab ea Andreas-Salome a raibh cuid mhór taistil déanta aici, agus cé go raibh sí pósta agus í ní ba shine ná eisean thit René i ngrá léi. Bhí cumann grá acu agus chuidigh Lou leisean teacht i gcrann mar scríbhneoir. Ba ise a mhol dó an t-ainm "Rainer" a ghlacadh in áit "René".

Sa bhliain 1897 d'aistrigh Rainer óg go Beirlín sna sálaí ag Lou. Ansin chuir sé aithne ar chuid mhaith d'ealaíontóirí agus d'intleachtóirí a linne. Thaistil sé an Iodáil agus an Rúis, agus casadh na scríbhneoirí Lev Tolstoy agus Boris Pasternak air. Sa bhliain 1900 d'éirigh Lou as an gcumann grá leis agus casadh dealbhóir óg mná air, Clara Westhoff, a phós sé gan mhoill. Rugadh a n-iníon Ruth i ndeireadh na bliana 1901, ach ní raibh sé in ann socrú síos chois tinteáin, agus go gairid ina dhiaidh sin thug sé aghaidh ar Pháras agus é meáite ar leabhar a scríobh ansin faoin ealaíontóir Auguste Rodin.

Bhí an saol i bPáras crua go leor ar dtús, nó ní raibh sé i dtaithí na háite roimhe sin. Mar sin féin tréimhse bhisiúil a bhí ann, nó d'éirigh le Rilke an leabhar a scríobh faoi Rodin, ar chaith sé seal ag obair ina rúnaí dó, agus thairis sin, thosaigh sé ag scríobh an t-aon úrscéal amháin a tháinig óna pheann, mar atá, Die Aufzeichnungen des Malte Laurids Brigge ("Nótaí Mhalte Laurids Brigge"), leabhar eisprisiúnach dírbheathaisnéisiúil a chaitheas súil ar chéad óige an údair agus ar a shaol i bPáras araon. Ainm é Malte Laurids Brigge a bhfuil blas na Danmhairgise air agus nach bhfuil baint ar bith aige leis an Ostair ná le deisceart na Gearmáine.

Sa bhliain 1906 casadh Sidonie Nádherny von Borutin ar Rilke. Cé nach raibh cumann grá ná craicinn eatarthu, ba leasc le Rilke í a fheiceáil i gcuideachta fir eile, agus rinne sé a dhicheall le caidreamh Sidonie leis an scríbhneoir Karl Kraus a chur ó mhaith.