An difríocht idir athruithe ar: "Rainer Maria Rilke"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'File Gearmáinise ón Ostair ab ea '''Rainer Maria Rilke''' (fíorainm: ''René Karl Wilhelm Johann Josef Maria Rilke''). Rugadh i bPrág i nDémhonarcacht na hOstaire ...'
 
Líne 13:
Bhí an saol i bPáras crua go leor ar dtús, nó ní raibh sé i dtaithí na háite roimhe sin. Mar sin féin tréimhse bhisiúil a bhí ann, nó d'éirigh le Rilke an leabhar a scríobh faoi Rodin, ar chaith sé seal ag obair ina rúnaí dó, agus thairis sin, thosaigh sé ag scríobh an t-aon úrscéal amháin a tháinig óna pheann, mar atá, ''Die Aufzeichnungen des Malte Laurids Brigge'' ("Nótaí Mhalte Laurids Brigge"), leabhar eisprisiúnach dírbheathaisnéisiúil a chaitheas súil ar chéad óige an údair agus ar a shaol i bPáras araon. Ainm é Malte Laurids Brigge a bhfuil blas na Danmhairgise air agus nach bhfuil baint ar bith aige leis an Ostair ná le deisceart na Gearmáine.
 
Sa bhliain 1906 casadh Sidonie Nádherny von Borutin ar Rilke. Cé nach raibh cumann grá ná craicinn eatarthu, ba leasc le Rilke í a fheiceáil i gcuideachta fir eile, agus rinne sé a dhicheall le caidreamh Sidonie leis an scríbhneoir Karl Kraus a chur ó mhaith.
 
Sna blianta seo bhí Rilke cairdiúil le Mathilde agus Karl Gustav Vollmoeller, deirfiúr agus deartháir a bhí ina n-ealaíontóirí, agus aithne aige orthu óna laethanta i mBeirlín, nuair a bhí an cumann aige le Lou Andreas-Salome. Cheadaigh Mathilde dó úsáid a bhaint as a stiúideó-se, agus chuaigh sé cúpla uair go dtí an Iodáil le teagmháil ar Karl Gustav ansin.
 
Chríochnaigh Rilke an t-úrscéal ''Malte Laurids Brigge'' i Leipzig sa bhliain 1910. Ina dhiaidh sin ní raibh sé in ann mórán a scríobh ar feadh i bhfad. Chaith sé na blianta fada ag cur Gearmáinise ar leabhair Fhraincise. Thosaigh sé ag cumadh na ndánta sa tsraith ''Duineser Elegien'', ach níor tháinig deireadh leis an obair seo ach sa bhliain 1922. Scéal eile áfach gur foilsíodh eagrán nua dá ghearrscéal fhada ''Die Weise von Liebe und Tod des Cornets Christoph Rilke'' ("An tAmhrán Tíre faoi Shaol agus faoi Bhás an Mheirgire Christoph Rilke") sa bhliain 1912, agus bhí an-ráchairt agus gnaoi na léitheoirí air an turas seo, murab ionann agus sa bhliain 1906, nuair a tháinig an scéal i gcló an chéad uair.