An difríocht idir athruithe ar: "Rainer Maria Rilke"

Content deleted Content added
Líne 7:
Theastaigh ó na tuismitheoirí go rachadh René le ceird an oifigigh airm, agus sa bhliain 1885 chuaigh sé ar acadamh míleata i Sankt Pölten, Íochtar na hOstaire. Níor thaitin saol an tsaighdiúra leis an ábhar ealaíontóra, agus sa bhliain 1891 d'éirigh sé as an scoil. Ansin thosaigh sé ag freastal ar scoil trádála i Linz, Uachtar na hOstaire, ach ansin bhí scéal grá nó cumann craicinn aige le cailín aimsire a bhí cúpla bliain ní ba shine ná é féin. Sna blianta 1892-1895 bhí sé á theagasc go príobháideach lena ullmhú don Ardteistiméireacht, nó ''Matura''. Bhain sé amach an teastas seo agus chuaigh sé ag staidéar stair ealaíon, litríocht agus fealsúnacht. Níor mhair sé ansin ach bliain sula ndeachaigh sé le dlí mar ábhar staidéir.
 
Sa bhliain 1897 casadh Lou Andreas-Salome air i München. Scríbhneoir mná ab ea Andreas-Salome a raibh cuid mhór taistil déanta aici, agus cé go raibh sí pósta agus í ní ba shine ná eisean thit René i ngrá léi. Bhí cumann grá acu agus chuidigh Lou leisean teacht i gcrann mar scríbhneoir. Ba ise a mhol dó an t-ainm "Rainer" a ghlacadh in áit "René". Sa bhliain chéanna d'aistrigh Rainer óg go Beirlín sna sálaí ag Lou. Ansin chuir sé aithne ar chuid mhaith d'ealaíontóirí agus d'intleachtóirí a linne. Thaistil sé an Iodáil agus an Rúis, agus casadh na scríbhneoirí Lev Tolstoy agus Boris Pasternak air. Sa bhliain 1900 d'éirigh Lou as an gcumann grá leis agus casadh dealbhóir óg mná air, Clara Westhoff, a phós sé gan mhoill. Rugadh a n-iníon Ruth i ndeireadh na bliana 1901, ach ní raibh sé in ann socrú síos chois tinteáin, agus go gairid ina dhiaidh sin thug sé aghaidh ar Pháras agus é meáite ar leabhar a scríobh ansin faoin ealaíontóir [[Auguste Rodin]].
 
Sa bhliain 1897 d'aistrigh Rainer óg go Beirlín sna sálaí ag Lou. Ansin chuir sé aithne ar chuid mhaith d'ealaíontóirí agus d'intleachtóirí a linne. Thaistil sé an Iodáil agus an Rúis, agus casadh na scríbhneoirí Lev Tolstoy agus Boris Pasternak air. Sa bhliain 1900 d'éirigh Lou as an gcumann grá leis agus casadh dealbhóir óg mná air, Clara Westhoff, a phós sé gan mhoill. Rugadh a n-iníon Ruth i ndeireadh na bliana 1901, ach ní raibh sé in ann socrú síos chois tinteáin, agus go gairid ina dhiaidh sin thug sé aghaidh ar Pháras agus é meáite ar leabhar a scríobh ansin faoin ealaíontóir [[Auguste Rodin]].
 
Bhí an saol i bPáras crua go leor ar dtús, nó ní raibh sé i dtaithí na háite roimhe sin. Mar sin féin tréimhse bhisiúil a bhí ann, nó d'éirigh le Rilke an leabhar a scríobh faoi Rodin, ar chaith sé seal ag obair ina rúnaí dó, agus thairis sin, thosaigh sé ag scríobh an t-aon úrscéal amháin a tháinig óna pheann, mar atá, ''Die Aufzeichnungen des Malte Laurids Brigge'' ("Nótaí Mhalte Laurids Brigge"), leabhar eisprisiúnach dírbheathaisnéisiúil a chaitheas súil ar chéad óige an údair agus ar a shaol i bPáras araon. Ainm é Malte Laurids Brigge a bhfuil blas na Danmhairgise air agus nach bhfuil baint ar bith aige leis an Ostair ná le deisceart na Gearmáine.
Line 18 ⟶ 16:
 
Chríochnaigh Rilke an t-úrscéal ''Malte Laurids Brigge'' i Leipzig sa bhliain 1910. Ina dhiaidh sin ní raibh sé in ann mórán a scríobh ar feadh i bhfad. Chaith sé na blianta fada ag cur Gearmáinise ar leabhair Fhraincise. Thosaigh sé ag cumadh na ndánta sa tsraith ''Duineser Elegien'', ach níor tháinig deireadh leis an obair seo ach sa bhliain 1922. Scéal eile áfach gur foilsíodh eagrán nua dá ghearrscéal fhada ''Die Weise von Liebe und Tod des Cornets Christoph Rilke'' ("An tAmhrán Tíre faoi Shaol agus faoi Bhás an Mheirgire Christoph Rilke") sa bhliain 1912, agus bhí an-ráchairt agus gnaoi na léitheoirí air an turas seo, murab ionann agus sa bhliain 1906, nuair a tháinig an scéal i gcló an chéad uair.
 
Sna blianta 1914-1916 bhí cumann grá aige le bean eile darbh ainm Lou - an t-ealaíontóir Lou Albert-Lasard. Ansin tháinig fórsaí armtha na hOstaire ar a lorg agus b'éigean dó dul sna saighdiúirí i Vín. Bhí cara sa chúirt aige agus sheachain sé trinsí an chogaidh, agus cuireadh ag obair i gcartlann an airm é. Go gairid ina dhiaidh sin saoradh ón arm é agus chuaigh sé ar ais go München, áit ar chaith sé an chuid is mó de bhlianta an chogaidh. Mar sin féin bhain druileáil an airm an-stangadh as agus arís ní raibh sé in ann a dhath a scríobh ar feadh i bhfad.
 
I ndiaidh an chogaidh chuaigh Rilke go dtí an Eilvéis. B'ansin a chuir sé an dlaíóg mhullaigh ar ''Duineser Elegien'' agus chum sé roinnt dánta eile. Thosaigh a shláinte ag teip air, áfach, agus chaith sé tréimhsí fada sna tithe téarnaimh, ag déanamh gurbh í an eitinn a bhí air, b'fhéidir. Le fírinne is é an galar a bhí i gceist ná leoicéime de chineál neamhghnách nach raibh na dochtúirí in ann a aithint ná a dhiagnóisiú ach go gairid roimh a bhás.
 
Sna blianta sin chuir Rilke spéis san fhaisisteachas a bhí díreach ag teacht ar an bhfód san Iodáil, agus Mussolini ag rith damhsa. Bhí sé barúlach nach raibh i rudaí cosúil leis an tsaoirse, an cine daonna nó an t-idirnáisiúntán ach teibíochtaí ar dhóbair dóibh an Eoraip a stróiceadh as a chéile ar fad. Dealraíonn sé áfach go raibh sé idir eatarthu faoi úsáid na láimhe láidire sa pholaitíocht.
 
D'éag Rilke ar an 29 Nollaig 1926 i dteach téarnaimh Valmont-sur-Territet in aice le Montreux. Tá sé adhlactha i Rarogne, cóngarach d'áit a bháis.