An difríocht idir athruithe ar: "Michael Jackson"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 29:
== Saothar ==
=== 80idí agus 90idí ===
D'eisígh Michael a chéad albam leis a chuid deartháireacha sa bhanna Jackson 5. Sa bhliain [[1972]], d'eisígh sé a chéad cheirnín mar cheoltóir ina aonar. As seo amach, thuill sé clú agus cáil dó fhéin le h-albaim rathúla ar nós ''[[Off the Wall]]'' (1979), ''Thriller'' (1982), ''Bad'' (1987), ''Dangerous'' (1991) and ''HIStory'' (1995). Ba ''Thriller'' an albam is rathúla ariamh a bhí ann, tá níos mó ná 100 milliúin cóip den ceirnín díolta ar fad na cruinne.
 
B'é Jackson a chlaochlaigh físeán ceoil, chun iad a bheith ina gcruth ealaíona, le damhsaí casta ar nós an "robot" agus an "moonwalk". Deireann ceoltóirí hip hap agus R&B sa lá atá inniu ann gur mór an tionchar a bhí ag Jackson ar a gcuid ceol. Tá sé i measc na ceoltóirí gorma is rathúla riamh. Tá Jackson ar dhuine den dream beag ceoltóirí a ghlacadh isteach sa 'Rock and Roll Hall of Fame' faoi dhó. I measc na duaiseanna agus éachtaí atá buaite aige ná ocht 'Guinness World Records', trí Ghradam [[Grammy]] déag, trí shingil déag a shroich barr na gcairteacha agus 750 milliún albam díolta. Sa bhliain [[2008]], eisíodh an ceirnín is déanaí ''Thriller25''. Díoladh 1.8 milliún cóip taobh istigh de dhá sheachtain déag.