An difríocht idir athruithe ar: "Iarmhairt Doppler"

Content deleted Content added
m Kevin Scannell moved page Iarmhairt Aistriú Doppler to Iarmhairt Doppler: botún parsála
No edit summary
Líne 1:
Aistriú Doppler, an t-athrú i [[Tonnfhad|dtonnfhad]] nó [[minicíocht]] radaíochta—[[Solas|solais]] nó fuaime —a bhraitear nuair a bhíonn foinse na radaíochta faoi ghluaiseacht choibhneasta, i dtreo an bhrathadóra nó amach uaidh. Ainmnithe as Christian Doppler ([[1803]]-[[1853]]), [[Fisic|fisicí]] is [[matamaiticeoir]] Ostarach. Má bhíonn an fhoinse ag gluaiseacht i dtreo an bhrathadóra, bíonn an mhinicíocht níos mó is an tonnfhad níos lú ná mar a bheadh is an fhoinse ar fos. Más fuaim atá i gceist, méadaíonn airde an nóta sa chás seo. Más solas é, éiríonn an solas níos goirme (an [[gormaistriú]]). Nuair a bhíonn an fhoinse ar luas amach ón mbrathadóir, laghdaíonn airde an nóta fuaime agus éiríonn dath an tsolais níos deirge (an [[deargaistriú]]). Sampla coitianta d'iarmhairt Doppler is ea an t-athrú in airde an nóta ó bhonnán otharchairr le linn dó teacht i dtreo duine agus imeacht uaidh. Baineann réalteolaithe feidhm aisti chun gluaisní na reanna spéire a iniúchadh ó na haistrithe datha a bhraitear sa solas a thagann chugainn uathu. Baineann teicneolaithe [[míochaine]] feidhm aisti chun staidéar a dhéanamh ar shreabhadh na [[Fuil|fola]] sa chroí is [[fuileadáin]] ar fud na colainne le trealamh ultrafhuaime.
 
{{Fréamh an Eolais}}