An difríocht idir athruithe ar: "An Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Gníomhaireacht speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe a phléann le talmhaíocht is cothú is ea an '''Eagraíocht Bhia agus Talmhaío...'
(No difference)

Leagan ó 17:56, 11 Deireadh Fómhair 2013

Gníomhaireacht speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe a phléann le talmhaíocht is cothú is ea an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta (FAO). Bunaíodh i 1945 í, agus tá a príomhoifig sa Róimh. Stiúrann sí taighde is suirbhéanna, foilsíonn staitisticí i leith talmhaíochta, foraoiseachta is iascaireachta, a dtáirgí is a ndáileadh. Soláthraíonn sí cabhair theicniúil chun táirgiúlacht sna réimsí seo a fheabhsú, gorta a sheachaint, agus caighdeán beatha daoine faoin tuath a chur chun cinn. Stiúrann sí taighde ar chothú, agus foilsíonn caighdeáin cothaithe is réamh-mheastacháin ar riachtanais is soláthar bia ar fud an domhain.