An difríocht idir athruithe ar: "An Íoslainn"

m
fixing dead links
m (fixing dead links)
 
=== Ó na Meánaoiseanna go dtí an Nua-Aois Luath ===
Bhí achrann, aighneas agus troid ann nó gur síníodh an Sean-Chúnant, rud a thug an Íoslainn faoi smacht choróin na hIorua; nascadh ríochtaí na hIorua agus na Danmhairge sa chuid dheiridh den 14ú haois, agus d’fhan an Íoslainn faoi smacht na ríochta nua. Ina dhiaidh sin bhí an tír ar an trá fholamh: bhí na daoine ag brath ar an talmhaíocht, agus iad thíos le hithir neamhthorthúil, le brúchtanna bolcánacha agus le haeráid dhian. Tháinig an phlá sna blianta 1402-1404 agus 1494-1495, agus cailleadh tuairim is leath an phobail gach uair.<ref>[http://archive.is/20120628222458/findarticles.com/p/articles/mi_m2279/is_n156/ai_20059971/pg_14 6th-10th century AD]</ref> Timpeall lár an 16ú haois thosaigh Rí Christian III na Damhairge ag brú an Liútarachais ar na daoine: baineadh an ceann d’easpag deireanach na hÍoslainne agus de bheirt mhac leis sa bhliain 1550, agus rinneadh príomhchreideamh na tíre den Liútarachas. Sa 17ú agus san 18ú haois chuir an Damhairg diansrianta le trádáil na hÍoslainne, agus rinne píoráidí ó Shasana, ón Spáin agus ón Aigéir na cóstaí a chreachadh. San 18ú haois mharaigh an bholgach tuairim is an triú cuid den phobal, agus sa bhliain 1783 bhrúcht bolcán darbh ainm Laki, rud ba chúis le breis is leath an eallaigh a mharú, le gorta mór agus le bás an ceathrú cuid den phobail nó mar sin, gan trácht ar smúit uafásach ar fud an domhain.
 
=== Neamhspleáchas ===
29

edits