An difríocht idir athruithe ar: "Gerald Maurice Edelman"

bitheolaí Meiriceánach
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Bithcheimicí a saolaíodh i Nua-Eabhrac is ea '''Gerald Maurice Edelman''' (1929-). Rinne sé taighde ceannródaíoch ar mhiaileóma ilchod...'
(No difference)

Leagan ó 02:08, 22 Deireadh Fómhair 2013

Bithcheimicí a saolaíodh i Nua-Eabhrac is ea Gerald Maurice Edelman (1929-). Rinne sé taighde ceannródaíoch ar mhiaileóma ilchodach is tacar na n-aimínaigéad sna próitéiní ann, struchtúr is comhdhéanamh na n-antashubstaintí atá lárnach i gcosaint na colainne i gcoinne ionfhabhtuithe in ainmhithe veirteabracha, an duine ina measc, agus atáirgeadh DNA plasmaid giosta in vitro. Bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfiseolaíocht/míochaine le Rodney Porter i 1972 as an obair ar antashubstaintí. Cáil air as leabhair a chuir an eolaíocht chun cinn i measc an phobail, ina measc Second Nature: Brain science and human knowledge (An Dara Nádúr: Eolaíocht Inchinne is Eolas Daonna, 2006).