An difríocht idir athruithe ar: "Fótaiméadracht"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Tomhas an tsolais is a ráta tarchurtha. Ní hionann is radaiméadracht, baineann fótaiméadracht le minicíochtaí (tonnfhaid) sofheicthe amháin, agus ...'
(No difference)

Leagan ó 19:05, 24 Deireadh Fómhair 2013

Tomhas an tsolais is a ráta tarchurtha. Ní hionann is radaiméadracht, baineann fótaiméadracht le minicíochtaí (tonnfhaid) sofheicthe amháin, agus cuireann san áireamh íogaireacht neamhchothrom na súile do sholas de mhinicíochtaí difriúla. Is tábhachtach í i ngrianghrafadóireacht agus dearadh soilsithe. Tomhaistear an flosc lonrúil i lúmain (lm), agus freagraíonn sé seo dá gcumhacht radanta sa radaiméadracht. Tomhaistear an déine lonrúil (a fhreagraionn don déine radanta sa radaiméadracht) i gcaindéilí (cd). Tomhaistear an lonras, a fhreagraíonn don radantas sa radaiméadracht, in aonaid cd m-2. Agus tomhaistear an soilseas (ag freagairt don lonradas sa radaiméadracht) i lucsaí (lx).