An difríocht idir athruithe ar: "Fótaiméadracht"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Tomhas an tsolais is a ráta tarchurtha. Ní hionann is radaiméadracht, baineann fótaiméadracht le minicíochtaí (tonnfhaid) sofheicthe amháin, agus ...'
 
easpónant
Líne 1:
Tomhas an [[Solas|tsolais]] is a ráta tarchurtha. Ní hionann is [[radaiméadracht]], baineann fótaiméadracht le minicíochtaí (tonnfhaid) sofheicthe amháin, agus cuireann san áireamh íogaireacht neamhchothrom na súile do sholas de mhinicíochtaí difriúla. Is tábhachtach í i [[Grianghrafadóireacht|ngrianghrafadóireacht]] agus dearadh soilsithe. Tomhaistear an [[flosc lonrúil]] i lúmain (lm), agus freagraíonn sé seo dá [[Cumhacht|gcumhacht]] radanta sa radaiméadracht. Tomhaistear an [[déine lonrúil]] (a fhreagraionn don déine radanta sa radaiméadracht) i gcaindéilí (cd). Tomhaistear an lonras, a fhreagraíonn don radantas sa radaiméadracht, in aonaid cd m<small><sup>-2</sup></small>. Agus tomhaistear an [[soilseas]] (ag freagairt don lonradas sa radaiméadracht) i lucsaí (lx).
 
{{Fréamh an Eolais}}