An difríocht idir athruithe ar: "Fuileadáin"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Córas iata feadán lena sreabhann an fhuil trí fhíocháin uile na colainne, a chuimsíonn na hartairí, na hartairíní, na ribeadáin, na féitheoigíní, agus na f...'
 
naisc
Líne 1:
Córas iata feadán lena sreabhann an [[Fuil|fhuil]] trí [[Fíochán|fhíocháin]] uile na colainne, a chuimsíonn na [[Artaire|hartairí]], na hartairíní, na ribeadáin, na féitheoigíní, agus na féitheacha. Go ginearálta, iompraíonn na hartairí is na hartairíní [[fuil]] ocsaiginithe don cholainn ón taobh clé den [[Croí|chroí]], agus iompraíonn na féitheoigíní is na féitheacha fuil dhí-ocsaiginithe ar ais don taobh deas den chroí. Iompraíonn na hartairí scamhógacha fuil dhí-ocsaiginithe do na [[Scamhóg|scamhóga]] ón taobh deas den chroí, agus iompraíonn na féitheacha scamhógacha fuil ocsaiginithe don taobh clé den chroí. Tarlaíonn malartú gásach (malartú na hocsaigine is an ocsaíd charbóin) agus ábhair cothaithe idir an fhuil is [[Fíochán|fíocháin]] na colainne sna ribeadáin. I measc neamhoird an chóras imshruthaithe tá [[ainéaras]], eambólas, [[rith fola]], agus [[trombóis]].
 
{{Fréamh an Eolais}}