An difríocht idir athruithe ar: "Frank Gehry"

ailtire Ceanadach
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Ailtire a saolaíodh i dToronto, agus a d'oibrigh as Los Angeles an chuid is mó dá shaolré is ea '''Frank Owen Gehry''' (1929-). Baineann a d...'
(No difference)

Leagan ó 19:04, 25 Deireadh Fómhair 2013

Ailtire a saolaíodh i dToronto, agus a d'oibrigh as Los Angeles an chuid is mó dá shaolré is ea Frank Owen Gehry (1929-). Baineann a dhearadh dealbhach brúidiúil, mar a thugtar air, úsáid as comhcheangail neamhchoitianta ábhar: coincréit amh, miotal rioctha is a leithéid. I measc a shaothar tábhachtach tá Músaem na Leanaí i Los Angeles (1980), Músaeum Aerspáis California (1984), an Lárionad Meiriceánach i bPáras (1994), oifig an chomhlacht árachais ING i bPrág le cruinnmheallta rothlaithe cruach domheirgthe ar a dhíon (1995), Músaem Guggenheim i mBilbao (1997), agus Ceoláras Walt Disney i Los Angeles (2003). Ceann de na hailtirí is cáiliúla ar Domhan ó dheireadh an 20ú céad.