An difríocht idir athruithe ar: "Léon Foucault"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Fisicí a rugadh i bPáras ab ea '''Jean Bernard Léon Foucault''' (1819-1868). Rinne sé luas forleata an tsolais a thomhas, d'f...'
 
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Foucault.jpg|mion|Jean Foucault]]
[[Fisic|Fisicí]] a rugadh agus a d'éag i b[[Páras|bPáras]] ab ea '''Jean Bernard Léon Foucault''' ([[18 Meán Fómhair]] [[1819]]- – [[11 Meán Fómhair]] [[1868]]). Rinne sé luas forleata an [[Solas|tsolais]] a thomhas, d'fhionn an [[gíreascóp]] (1852), agus d'fheabhsaigh na scátháin i gcomhair [[teileascóp]] frithchaiteach. Cheap sé [[luascadán]] Foucault i [[1851]], atá in ann luascadh i dtreo ar bith ionas go rothlaíonn plána an luasctha de réir mar a rothlaíonn [[an Domhan]] ar a ais i rith an lae. Dá mbeadh an luascadán seo ag an Mol Thuaidh nó an Mol Theas, rothlódh an plána rothlaithe trí 360° i 24 uair. Ag an [[meánchiorcal]], ní rothlódh an plána in aon chor. Ag aon domhanleithead eile, tharlódh rothlú rud éigin idir an dá fhoirceann seo. Bhain Foucault feidhm as an luascadán chun a chruthú go rothlaíonn an Domhan ar a ais.
 
{{Fréamh an Eolais}}
{{DEFAULTSORT:Foucault, Jean Bernard Leon}}
{{síol}}
 
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1819]]
[[Catagóir:Básanna i 1868]]
[[Catagóir:Fisiceoirí Francacha]]