An difríocht idir athruithe ar: "Impriseanachas"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Gluaiseacht san ealaín a thosaigh sna 1760idí, bíodh is go raibh réamhghabháil uirthi i radhairc tíre an phéintéara Shinigh Shen Zhou (1427-150...'
(No difference)

Leagan ó 18:08, 27 Deireadh Fómhair 2013

Gluaiseacht san ealaín a thosaigh sna 1760idí, bíodh is go raibh réamhghabháil uirthi i radhairc tíre an phéintéara Shinigh Shen Zhou (1427-1509). I measc na bpéintéirí a bhain leis bhí Monet, Pissarro, Sisley, agus Renoir. Léirmheastóir a thug an t-ainm orthu tar éis pictiúir de chuid Monet, Impression, soleil levant (Imprisean: Éirí Gréine), a fheiceáil i 1872. Shéan siad dathanna dorcha na saotharlanna péintéireachta, agus rinne a gcuid péintéireachta amuigh faoin spéir chun iarmhairtí is dathanna lonracha sholas na Gréine ar uisce, crainn, páirceanna, agus mná áille a ghabháil is a léiriú. I gcodarsnacht le réalachas sóisialta phéintéireacht Gustave Courbe (1819-1877) agus eile, pictiúir gheala spéiriúla a rinne na himpriseanaithe, agus iad fíorchoitianta ó shin i leith.