An difríocht idir athruithe ar: "Kuru"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Galar prión a bhíodh eindéimeach i measc an phobail Fhóraigh i Nua-Ghuiné Phapua go luath sa 20ú céad. Is iad na staideanna sa ghalar seo ná ...'
(No difference)

Leagan ó 13:38, 28 Deireadh Fómhair 2013

Galar prión a bhíodh eindéimeach i measc an phobail Fhóraigh i Nua-Ghuiné Phapua go luath sa 20ú céad. Is iad na staideanna sa ghalar seo ná meathlú forchéimnitheach an néarchórais lárnaigh, gealtachas, neamhchomhordú na colainne, agus parailis. Bíonn deascáin mhínormálta próitéiní san inchinn, a dtugtar plaiceanna kuru orthu. Meastar gur canablacht i ndeasghnátha sochraide, ithe inchinne an mharbháin, ba chionsiocair le tarchur an ghalair. Ó d'éirigh na Fóraigh as an deasghnáth, is lú ar fad minicíocht an ghalair.