An difríocht idir athruithe ar: "La Tène"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Ionad réamhstairiúil ar tír gar do Loch Neuchâtel san Eilvéis, mar ar thángthas ar an-chuid taiscí móideacha, arm maisithe, agus bróistí i dto...'
(No difference)

Leagan ó 04:06, 29 Deireadh Fómhair 2013

Ionad réamhstairiúil ar tír gar do Loch Neuchâtel san Eilvéis, mar ar thángthas ar an-chuid taiscí móideacha, arm maisithe, agus bróistí i dtochailtí ó 1858 ar aghaidh. Úsáidtear an téarma anois don iarannaois dhéanach san Eoraip, tréimhse i ndiaidh cultúr Hallstatt, timpeall 500 RC, gur tháinig na Rómhánaigh. Bhí dúnta ar bharra cnoc, forbairt sa trádáil is an chogaíocht, teacht chun cinn bailte is cathracha, agus stíl bheoga chuarlíneach ealaíne sainiúil don tréimhse.