An difríocht idir athruithe ar: "Millíní Bucky"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Bucky C<sub>60</sub>, ainm a thugtar ar allatróp cobhsaí nua-aimsithe carbóin ina bhfuil 60 móilín carbóin. A struchtúr gar do bheith ina dhromchla sféir, d...'
(No difference)

Leagan ó 02:34, 31 Deireadh Fómhair 2013

Bucky C60, ainm a thugtar ar allatróp cobhsaí nua-aimsithe carbóin ina bhfuil 60 móilín carbóin. A struchtúr gar do bheith ina dhromchla sféir, díreach cosúil leis an gcruinneachán geodasach a dhear Buckminster Fuller, na móilíní carbóin leagtha amach, ceann amháin ag gach cúinne. An saghas céanna struchtúir a bhíonn i gcraiceann liathróid sacair. Is é seo 3ú allatróp an charbóin, arb iad diamant is graifít na cinn eile. Tugtar fullairéiní freisin ar mhillíní Bucky, a bhfuil a bhfeidhmeanna á saothrú anois. Ceaptar go mbeidh an t-ábhar áisiúil mar bhealadh is clúdach fíorchrua i gcomhair dromchlaí agus a lán eile.