An difríocht idir athruithe ar: "Móimint leictreach dhépholach"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'An tsiombail p a úsáidtear di, agus an t-aonad cúlóm-mhéadar (C m) lena thomhas. Nuair atá luchtanna +q is –q scartha l méadar amach ó chéile, i...'
(No difference)

Leagan ó 14:52, 31 Deireadh Fómhair 2013

An tsiombail p a úsáidtear di, agus an t-aonad cúlóm-mhéadar (C m) lena thomhas. Nuair atá luchtanna +q is –q scartha l méadar amach ó chéile, is déphol an t-eagar seo, agus is í a moimint dhépholach p = ql. Cainníocht veicteoireach is ea í seo. Má chuirtear an déphol seo i réimse leictreach, cuireann an réimse casmhóimint i bhfeidhm ar an déphol chún é a ailíniú i dtreo an réimse. Bíonn móimint dhépholach leictreach ar chuid mhaith móilíní, le lár luchta dhiúltaigh ag fad éigin ó lár luchta dhearfaigh go buan de bharr struchtúr an mhóilín. Deirtear gur móilín polach é seo, agus is móilín polach é uisce, mar shampla. Is féidir déphoil a ionduchtú i móilíní eile ach iad a chur i réimse leictreach.