An difríocht idir athruithe ar: "Nítriglicrín"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Leacht pléascach a dhéantar le gníomhú aigéid nítriúil (measctha le haigéad sulfarach) le gliocról. Nuair a rinne an Ceimic|ceimic...'
(No difference)

Leagan ó 15:55, 1 Samhain 2013

Leacht pléascach a dhéantar le gníomhú aigéid nítriúil (measctha le haigéad sulfarach) le gliocról. Nuair a rinne an ceimicí Iodálach Ascanio Sobrero (1812-1888) den chéad uair é i 1846, ceapadh go raibh sé inláimhsithe go sábháilte ar éigin, bíodh is gur úsáideadh é beagán le láimhseáil an-chúramach. Ach thaispeáin Alfred Nobel i 1867 conas a láimhseáil a dhéanamh níos sábháilte le ceimiceáin mhaolaithe a mheascadh leis, agus mar thoradh, d'éirigh an nítriglicrín an-choitianta. Is comhábhar é in an-chuid pléascán measctha, cosúil le geilignít. Sa mhíochaine, tugann ionanálú a ghaile maolú tapa ar phianta aingíne chléibh.