An difríocht idir athruithe ar: "Forfhuarú"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Fuarú leachtanna áirithe faoi bhun na teochta a luaitear mar reophointe an leachta sin, rud a tharlaíonn i gcuid mhaith próiseas nádúrtha is tionsclaíoch. Nu...'
 
drochnasc
Líne 1:
Fuarú leachtanna áirithe faoi bhun na teochta a luaitear mar [[reophointe]] an leachta sin, rud a tharlaíonn i gcuid mhaith próiseas nádúrtha is tionsclaíoch. Nuair a dhéantar é seo, staid éagobhsaí a bhíonn ann, agus má shuaitear an leacht seo athraíonn sé chuig an staid sholadach, atá cobhsaí ag an [[teocht]] sin. Tarlaíonn na coinníollacha i gcomhair an fhorfhuaraithe seo i gcruthú criostail oighir i scamaill, reo an uisce dhromchlaigh i locha, agus [[siocreo]]. Is [[núicléas]] éigin, páirteagail deannaigh mar shampla, a chuireann tús le hathrú an uisce fhorfhuaraithe chuig [[oighear]]. Is féidir le hábhair áirithe fanacht sa staid fhorfhuaraithe, mar a dhéanann gloiní ar leachtanna forfhuaraithe iad, bíodh is go bhfeidhmíonn siad mar sholaid bhuana.
 
{{Fréamh an Eolais}}