An difríocht idir athruithe ar: "Méóis"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Ceann de na príomh-mheicníochtaí cilldeighilte is núicléasdeighilte in orgánaigh bheo, agus is é an toradh uirthi ná gaiméití haplóideacha (ina bhfuil leathf...'
 
No edit summary
Líne 1:
Ceann de na príomh-mheicníochtaí cilldeighilte is núicléasdeighilte in orgánaigh bheo, agus is é an toradh uirthi ná gaiméití haplóideacha (ina bhfuil leathfhoireann [[crómasóm]]) a chruthú in [[Ainmhí|ainmhithe]], is spóir ghnéasacha i bplandaí. Le linn méóise, gabhann an [[Núicléas cille|núicléas]] dioplóideach (ina bhfuil foireann crómasóm péireáilte) trí dhá dheighilt i ndiaidh a chéile. Uaidh sin táirgtear 4 chill ghaiméiteach, gach ceann acu le ball amháin de gach crómasóm péireáilte. Is ullmhú é roinnt seo líon na gcrómasóm i dtáirgeadh na ngaiméití haplóideacha don dúbláil a tharlaíonn nuair a thagann an dá [[Gaiméit|ghaiméit]], ceann ón athair is ceann ón máthair, le chéile chun síogóit dhioplóideach a chruthú le linn atáirgthe ghnéasaigh. Is iad seo a leanas pais na méóisé: teacht i láthair na gcrómasóm mar shnáithí sa núicléas, péireáil na gcrómasóm chun défhiúsaigh a chruthú, deighilt na ndéfhiúsach, agus gluaiseacht na gcrómasóm singil amach ó chéile. Is próiseas bunúsach í an mhéóis in [[atáirgeadh]] gnéasach, a thugann deis athchuingrithe mar is féidir ábhar géiniteach a mhalartú trí thrasnú idir crómasóim homalógacha sa phas ina ndeighleann na défhiúsaigh.
 
{{Fréamh an Eolais}}