An difríocht idir athruithe ar: "Néarón"

Content deleted Content added
ábhar ó "Cillín néarach"
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Nerve.nida.jpg|deas@200px|thumb|Cillín néarach amháin.]]
Is é atá i '''néarón''' (nó '''cillín néarach''' nó '''néarchill''') ná [[cillín]] sa chorp a ligeann thart gach sórt spreagadh a bhaineann leis an inchinn, leis na céadfaí agus le gach sórt gluaiseachta agus corrú a bhaineann don corp. Is bunaonaid fheidhmithe i [[néarchóras]] an [[ainmhí]] iad. Déanann sé eolas a [[Próiseáil|phróiseáil]] is a tharchur chuig [[Fíochán|fíocháin]] sprice (néaróin eile, matáin, faireoga), de ghnáth trí bhíthin ceimiceán ([[Néaratharchuradóir|néaratharchuradóirí]]). I néarón [[Veirteabrach|veirteabraigh]], de réir cineáil, bíonn cillchorp (le [[Núicléas cille|núicléas]] soiléir is cuid mhaith citeaphlasma mórthimpeall air), acsón amháin (le géaga teirminéil, oiriúnaithe chun eolas a iompar ón gcillchorp is trasna ceangal chuig na fíocháin sprice), agus deindrítí (ribí a phéacann amach ón gcillchorp is a ghlacann eolas ó theirminéil acsón ó néaróin eile chun an t-eolas sin a iomlánú ag an néarón). Ní bhíonn deindrítí i néaróin [[inveirteabrach]].
 
Tá cillíní áirithe a bhaineann le gluaiseacht agus corrú na ngéag agus agus an láir - ''néaróga mótair'' iadsan.