An difríocht idir athruithe ar: "Peinicillin"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Frithbheathach a tháirgeann an caonach liath Penicillium. I 1928 thug Alexander Fleming faoi deara gníomhaíocht na caonaí léithe ar an Baictéar|...'
(No difference)

Leagan ó 15:46, 2 Samhain 2013

Frithbheathach a tháirgeann an caonach liath Penicillium. I 1928 thug Alexander Fleming faoi deara gníomhaíocht na caonaí léithe ar an mbaictéar stafalacocas nuair a truaillíodh a phláta saothráin leis an gcaonach liath. Shaothraigh Florey, Chain is daoine eile in Oxford ar an eachtra, agus taispeánadh iarmhairt iontach chliniciúil na peinicilline den chéad uair i 1941. Bíodh is gur saothraíodh an-chuid frithbheathach eile idir an dá linn, is ceann de na frithbheathaigh is tábhachtaí fós í, agus a díorthaigh, cosúil le haimpicillin is beinsilpheinicillin.