An difríocht idir athruithe ar: "Max Ferdinand Perutz"
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Bithcheimicí a saolaíodh sa Vín, a d'oibrigh i Sasana ar bhitheolaíocht mhóilíneach ab ea '''Max Ferdinan...' |
(No difference)
|
Leagan ó 21:30, 2 Samhain 2013
Bithcheimicí a saolaíodh sa Vín, a d'oibrigh i Sasana ar bhitheolaíocht mhóilíneach ab ea Max Ferdinand Perutz (1914-2002). Rinne sé taighde ar struchtúr tríthoiseach macramóilíní, go príomha ar haemaglóibin, ag baint úsáide as díraonadh X-ghathach. Rinne sé amach struchtúr na haemaglóibine, agus bhuaigh Duais Nobel sa cheimic le John C. Kendrew i 1962.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |