An difríocht idir athruithe ar: "Cibirnitic"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Brainse den róbaitic ina bpléitear le rialú is feidhmiú córas rialaithe siarchothaithe. Tagann ríomhairí go mór san áireamh sna córais seo ina ndéantar a...'
 
No edit summary
Líne 1:
Brainse den [[róbaitic]] ina bpléitear le rialú is feidhmiú córas rialaithe siarchothaithe. Tagann ríomhairí go mór san áireamh sna córais seo ina ndéantar aschur an chórais a bhrath is a thomhas agus a mbaintear feidhm as na tomhais sin chun an córas a athrú is a rialú chun aschur ar leith a sholáthar. Eiseamláir shimplí is ea an [[teirmeastat]], a stiúrann [[teocht]] an tseomra. Is féidir go mbeidh córas mar seo fíorchasta leis an iliomad braiteoirí, agus [[ríomhaire]] chun na comharthaí braite a [[Próiseáil|phróiseáil]] is comharthaí stiúrtha a sholáthar don chóras chun é a athrú ar bhealach éigin.
 
{{Fréamh an Eolais}}