An difríocht idir athruithe ar: "Mir"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Stáisiún spáis. I 1986 a lainseáil an tAontas Sóivéadach an chéad aonad de shaotharlann spáis a dtugtar '''Mir''' air i bhfithis bhuan timpeall An...'
 
No edit summary
Líne 1:
[[Stáisiún spáis]]. I [[1986]] a lainseáil [[an tAontas Sóivéadach]] an chéad aonad de shaotharlann spáis a dtugtar '''Mir''' air i bhfithis bhuan timpeall [[An Domhan|an Domhain]]. Ionad maireachtála, córais cumhachta leictrí is cothabhála beatha a bhí sa bhunaonad 20 tonna seo. De réir a chéile cuireadh aonaid breise leis le turgnaimh iomadúla a chur i gcrích, fiú i gcomhoibriú leis na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]] le blianta anuas. Éacht oibre a bhí ann gach uair a chuaigh [[spásárthach]] suas le haonad nua a ghreamú leis, spásairí a chur ar bord nó a thógaint amach as, nó soláthairtí de gach saghas a chur ar bord. Rinne [[tointeálaí spáis]] de chuid na Stát Aontaithe ionad coinne le Mir minic go leor le blianta anuas. Tá an-chuid [[taighde]] déanta ann ar ábhair éagsúla: réaltraí, cuasáir, neodrónréaltaí, an Domhan féin, a acmhainní is a [[Atmaisféar an Domhain|atmaisféar]], ábhair bitheolaíochta, agus [[próiseáil]] ábhar eile faoi dhomhantarraingt nialasach. Ach le 83,500 fithis thart ar an Domhan curtha de, bhí an struchtúr 40 tonna tagtha chun deireadh a ré. I [[1997]] d'imbhuail spásárthach lasta leis, agus bhí sé deacair na deisiúcháin a dhéanamh i gceart. I [[1999]] d'fhág na [[Rúisigh]] é. I [[2001]], fuinnmhíodh scairdinnill le Mir a bhrú amach as a fhithis i dtreo an Domhain. Nuair a tháinig sé i dteagmháil le barr an atmaisféir, timpeall 100 km in airde, thosaigh sé ag téamh le [[frithchuimilt]] leis an n[[gás]] san atmaisféar, ag dó is ag galú. Mar sin féin, meastar gur mhair oiread éigin tonnaí le tuairtéail ar an Domhan: tharla sé seo san [[An tAigéan Ciúin|Aigéan Ciúin]] i ngar d'Fhidsí. Ní raibh rialtais na dtíortha faoin bhfithis dheiridh, [[an Astráil]] ina measc, róshásta leis seo. Mar a tharla, níor gortaíodh duine ar bith leis an tuairteáil isteach san aigéan, agus seó iontach tine ealaíne a bhí inti.
 
{{Fréamh an Eolais}}