An difríocht idir athruithe ar: "Rón mór"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Mamach mara a dtugtar ''an rón le cluasa'' air freisin. Cosúil leis an bhfíor-rón, ach cluasa beaga seachtracha air. Ar an talamh, iompaíonn sé a lapaí fada ...'
(No difference)

Leagan ó 00:23, 5 Samhain 2013

Mamach mara a dtugtar an rón le cluasa air freisin. Cosúil leis an bhfíor-rón, ach cluasa beaga seachtracha air. Ar an talamh, iompaíonn sé a lapaí fada cúil chun tosaigh faoin gcolainn agus gluaiseann go tapa le barr na colainne ardaithe ón talamh. Snámhann sé leis na géaga tosaigh den chuid is mó. Caitheann sé i bhfad níos mó ama ar talamh ná an fíor-rón. Cuid acu, na róin fhionnaitheacha le fochóta tiubh fionnaidh, déantar seilg orthu ar bhonn trádálach.