An difríocht idir athruithe ar: "Radaíocht chúlra mhicreathonnach"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Tháinig Arno Penzias is Robert Wilson ar an radaíocht seo de thaisme i 1965, agus iad ag obair ar aeróga teileachumarsáide, ag iarraidh siosarnach fothraim ...'
 
No edit summary
Líne 1:
Tháinig Arno Penzias is Robert Wilson ar an [[radaíocht]] seo de thaisme i [[1965]], agus iad ag obair ar aeróga teileachumarsáide, ag iarraidh siosarnach fothraim sa chóras glactha a réiteach. Chruthaigh siad gur fíorchomhartha a bhí á ghlacadh acu, ag teacht ar [[An Domhan|Domhan]] ón spás amuigh. Ó aimsir Hubble sna [[1920idí]] bhí a fhios go raibh na réaltraí ag cúlú uainn is ó chéile. Mar sin, ó iarmhairt Doppler, bheadh tonnfhaid na radaíochta a d'astaigh siad is iad níos óige laghdaithe, b'fhéidir síos don raon micreathonnach. [[Micreathonnta]] sa raon aistrithe seo a bhraith Penzias is Wilson. Thomhais an [[Saitilít (spásárthach)|tsaitilít]] COBE an radaíocht seo níos iomláine, agus thaispeáin gur [[radaíocht dúchoirp]] í le [[teocht]] 2.73 K, gurbh iarmhar iontaisithe [[Ollphléasc|na hOllphléisce]] í, is go raibh mionathruithe sa teocht mar thoradh ar dhifríochtaí i ndlús na luath-[[An Chruinne|Chruinne]] a chuir tús, ar a seal, leis na réaltraí.
 
{{Fréamh an Eolais}}