An difríocht idir athruithe ar: "Teangacha Atapascacha Deisceartacha"

Content deleted Content added
Legobot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 1 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q27758 (translate me)
m fixing dead links
Líne 19:
Is follasach gur teangacha neamhfhorleathana iad na teangacha Apaiseacha go léir inniu. Níl Apaisis na Machairí Móra ó dhúchas ach ag cupla duine. Tá Apaisis Chiricahua-Mescalero ag trí chéad duine ó dhúchas, ach thairis sin, rinne an teangeolaí Harry Hoijer doiciméadú cuimsitheach uirthi sna tríochaidí atá ar fáil ar an Idirlíon[http://etext.lib.virginia.edu/apache/frames/intro.html].
 
Tá an Navachóis níos fearr as, nó tá sí á labhairt ag céad agus seachtó míle duine ar fad, ach mar sin féin, níl sé cinnte go mbeidh sí slán thar ghlúin eile. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, bhain Cabhlach Cogaidh na Stát Aontaithe leas as na Navachóigh le craolacháin mhíleata an chabhlaigh a chódú. Go simplí, b'í an Navachóis an cód, agus na cainteoirí dúchais á labhairt ar an raidió le chéile le teachtaireachtaí rúnda a sheachadadh. Níor thuig na Seapánaigh an teanga, agus mar sin, ní raibh siad in ann bun ná barr a dhéanamh de na teachtaireachtaí. Is léir gur chuir an fiúntas míleata seo le stádas na Navachóise ar feadh tamaill, ach inniu, táthar buartha faoin meath atá ag teacht ar an Navachóis mar theanga liteartha: tá líon na leabhar nuafhoilsithe ag dul i laghad, agus an Béarla ar an t-aon teanga amháin atá le feiceáil go poiblí i gcaomhnuithe na Navachóch[http://web.archive.org/20040106223328/hometown.aol.com/tg3907/navlit.html].