An difríocht idir athruithe ar: "Méid (réalteolaíocht)"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Tomhas ar ghile rinn spéire. Hioparcas a d'úsáid an téarma sa chiall seo den chéad uair i 120 RC, ag lua na réaltaí is gile don tsúil mar ‘mh...'
 
No edit summary
Líne 1:
Tomhas ar ghile rinn spéire. [[Hioparcas]] a d'úsáid an téarma sa chiall seo den chéad uair i 120 RC, ag lua na [[Réalta|réaltaí]] is gile don tsúil mar ‘mhéid 1’ agus na réaltaí is doiléire mar ‘mhéid 6’. I [[1856]] cuireadh bunús eolaíochta faoin gcóras seo. Is i [[seicheamh]] logartamach a leagtar amach na céimeanna méide. Is ionann an chéim ó mhéid 2 go méid 3, nó ó mhéid 3 go méid 4, le cóimheas gile 2.512. Comhfhreagraíonn an difríocht idir méid 1 is 6 do chóimheas gile 100. Ós [[scála logartamach]] é seo, is scála coibhneasta é agus níl aon nialas air. Tugtar ''méid dhealraitheach réalta'' ar ghile na réalta a thomhaistear ar [[An Domhan|Domhan]], ach braitheann an tomhas sin ar fhad na réalta agus a bunlonrachas. Is áisiúla an dearbhmhéid, méid dhealraitheach, malartaithe nó ceartaithe, an luacha a bheadh aici dá mbeadh an réalta ag fad (treallach) caighdeánach 10 [[parsoic]]. Ní féidir airíonna réaltaí is réaltraí a chur i gcomparáid le chéile i gceart gan na dearbhmhéideanna a bheith i gceist.
 
{{Fréamh an Eolais}}