An difríocht idir athruithe ar: "Bleachtán"

géineas plandaí
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Cuimsíonn sé cineálacha éagsúla den phlanda Sonchus, cuid acu bliantúil, cuid eile ilbhliantúil. Dúchasach don Eoraip, an Áise is an Afraic...'
(No difference)

Leagan ó 16:47, 6 Samhain 2013

Cuimsíonn sé cineálacha éagsúla den phlanda Sonchus, cuid acu bliantúil, cuid eile ilbhliantúil. Dúchasach don Eoraip, an Áise is an Afraic. Úscann an gas laitéis bhán nuair a bhristear é. Na duilleoga go minic le himill spíonacha, na gasduilleoga ag fáisceadh an ghais le dhá liopa chruinne, cosúil le cluasa, ag a mbun. An bláthcheann mór buí, cosúil le caisearbhán. Ní fíorfheochadán é, mar bíonn spíonta an fheochadáin níos righne géire.